Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'iarrfadh sí ortha é. Bean chonfadach a b'eadh Róise. Nuair a bhíodh na madaidh ag damhsa thógadh duine dá rabh amuigh fód mónadh agus bhuaileadh na madaidh. Théigheadh Róise ar an daoraidh agus leanfadh sí iad le bata draighin agus fóide mónadh. Acht ní rabh maith ann bhíodh siad ag san doras arais.
Peadar Ó Briain, Ardaigh Bhig, Gort-an-Choirce, Tír -Chonaill
Pádraig Ua h-Arlaí, Ardaigh Bhig, Gort-an-Choirce, Tír -ChonaillCunntas eile fá dhaoine cáileamhla.
Bhí ceoltóir iongantach maith i Machaire Rabhartaigh tá dhá fhichead bliadhain o shoin darbh ainm "Seán Ó Conoghlaigh" Théigheadh sé go h-Albain gach bliadhain agus ní rabh aon duine anonn ná anall ar bhád na h-Alban a bhuailfeadh amach é ag ceol. Bhí sé comh binn sin. Bhí a lán amhrán aige.
Eoghan Ó Curráin an fear dob fhearr do bhí i Machaire -Rabhartaigh ag innse sgéaltach.Sean duine do bhí ann agus tá sé fiche bliadhain ó fuair sé bás. Bhí cuid mhór tarngaireachta aige fosta.
Bhí eagla air i gcomhnuidhe roimh an chogadh agus bhí sé ag cainnt air fosta. Deireadh sé go mbéadh an maide mullaigh ar Éirinn, rása na muice duibhe agus na daoine uilig ar rothaí. An traen an -t-ainm atá ar an mhuic dhuibh. Bhí na rudaí sin uilig le bheith ann sul a dtiocfadh an cogadh- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall