Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 249
- XML “Déanamh Stópaí”
- XML “Déanamh Cótaí”
- XML “Sníomhadóireacht”
- XML “Tuíodóireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is amach as an ghiúmhas portaigh a ba ghnáthach leo a ndéanamh. Ghearradh siad an t-adhmad le seá, annsin plánaladh siad é le plán. Na dhiaidh sin chuireadh siad na cláirí i gcionn a chéile. Chuireadh siad fonnsaí de'n tseort cheadna ortha. Bhíthear ag deánamh na gcuinneóg an dóigh cheadna.
- As an líon a ba ghnáthach leo na cotaí a dhéanamh fosta. Bhruigheadh siad é an chead-uair le na fhágáil ar an bhealach mhór. Thosnuigheadh carrannaí aniar agus siar na mhullach. Na dhiaidh sin chuirtidhe chuig an mhuilteóir é leis an chlúmhdach a bhí taobh amuigh de a bhaint de. Nuair a bhíodh sin deánta leis thugadh na mná na bhaile é agus chárdaladh agus shníomhadh siad é. Chuireadh siad chuig an fhigheadóir annsin é le gréasán a dhéanamh de, agus 'na dhiaidh sin ghnidheadh cótaí, leabthacha camh, agus braithlíneacha de fosta.
- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Arlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Is é an dóigh a dheánntaí sníomh fad ó shoin; chruinnigheadh léar de na comharsanaigh isteach agus bhíodh péire cárdaí le gach duine.Thosnuigeá an cárdál. Nuair a bhíodh bosca mór cárdalta acu thosnuigeadh siad ag sníomh. Bhíodh na mná aníos agus síos go ceann a toighe agus cuid aca ag ceól. Ba bhreagh an spórt é. I ndeireadh na h- oidhche bhruidhthidhe preátaí agus bhíodh biadh éiginteacht eile leo agus na dhiaidh sin tharngeócadh gach duine ar a bhaile féin.
- TuigheadóireachtMara mbeadh cuideadh go leór ag an tuigheadóir chruinnigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)