Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 253
- XML “Seanchleasannaí”
- XML “Cluichí Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad béal an t-soluis isteach ins an pholl, agus cuirfidh duine acú a lámh leis an t-solus fá choinne gan bealach éalóidh a thabhairt do'n éan a bíos istigh. Is annamh oidhche a thig siad abhaile gan éan nó beirt a bheith le achan duine acú ar an taobh is lugha.Seo liosta acú:- "Na Muca Beaga" "Follachan na mbeann" "Banríoghinn na gCullach", " Cleas na slise" "Dallóg" "Ag imirt cleas na cathaoireach" " Ag cathamhadh pighneach" "Ag cúntas na gcaipí"
- Cluichí EileIs minic a bhíos páistí i n-a suidhe cois na teineadh agus iad ag imirt cluichí. Seo cluiche amhain a bhíos aca: Buaileann duine aca cúpla buille ar dhruim an duine eile agus seo an rann a bhíos sé a rádh ar feadh an ama:-"Crugaide, cragaide, lár mo dhrom-sa agus lár do dhrom-sa a's cé mheud adharc ar bhocaite-boc?" Cuirfidh an duine atá ag bualadh na mbuillí ar dhrom an duine eile suas a chuid méar ag innse cé mheud adharc a bíos ann. Mura mbídh fhios ag an fhios ag an fhear eile annsin é caithfidh sé dul amach as an chluiche."Brian Beo"Bíonn cipín ag duine aca agus bárr lasta air. Bíonn siad ag cur an chipín ó dhuine go duine agus cé bith a leigfeas an solus as béidh an dealán air. Seo an rann a bhíos aca ar feadh an ama:- " Brian beo, Brian marbh, má fhághann Brian beo bás béidh ban dealán ort-sa."
" Ag cur i bhfolach an fhóid"
Chaitheadh dhá dhuine nó níos mo a bheith ins an chluiche seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Canann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall