Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 255
- XML “Cluichí Eile”
- XML “Cluichí Eile”
- XML “Cluichí Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)corraighe, Crugaide Cragaide, Brian beo, brian marbh, Ag caitheamh an úird, Dallóg, Lúrapóg, larapóg Dalladh éánach, tart an bhróig agus mar sin.
- " Ag díol an ghé"
Gheobhadh fear de na h-imireóirí cleite de'n ghé, fear eile ruball, fear eile gob agus an fear eile an goile. Deirfeadh duine aca annsin:- " Tá mo chleite féin fuar, tá mo ruball féin giortach, " Tá mo ghob-sa salach", agus deurfadh an duine eile " Tá mo ghoile féin ar shiubhal leis." Caithfidh an mhuinntir eile na focla sin a rádh indiaidh an duine a deireas iad fá choinne gáiridhe a bhaint amach." Na Trí Chupa"
Cleas é seo a bhíos ar siubhal oidhche Shamhna. Fágthar trí chupan in-a suidhe ar an tábla; ceann acú lán de chré, ceann eile agus fáinne ann agus an tríomhadh ceann lán de uisge. Cuirtear dallóg ar an té a bhíos ag dul chun an tábla. Má chuireann sé a mhéar i gcupa an uisge rachfaidh sé sin trasna na fairrge; má chuireann sé a mhéar i gcupa na créfóige rachaidh sé san uaigh agus ma leagann sé a mhéar ar an fháinne pósfar é. - An cleas atá ag baint leis an Fhoghmhar.
Bíonn lúthgháir mhór ar na páistí nuair a thigeann an fóghmar fá choinne a bheith ag deánamh " Foláchan na gcruach", Nuair a chuireann siad isteach a gcuid eallaigh (cruigh) cruinnighean sgaifte aca agus téigheann siad go dtí gárrach a mbíonn cuid mhór cruach ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall