Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 262
- XML “Amhrán Eile”
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Eile (ar lean)
“Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is tá na céadtaí fear a ngrádh léithe go bráthach nach dtig chun cinn
Agus ma thug mé grádh do Mholly Bhán níl náire ar bith liom ann.Stócach óg a rinne an t-amhrán seo. Bhí sé i ngrádh le cailín óg a d'fhág an baile agus a chuaidh go condae Mhonacháin.Amhrán Eile
“Tiocfaidh an Samhradh agys fásfaid an féar”
I. Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar,
Agus tiocfadih an duilleabhar glas ar bhárr na gcraobh,
Tiocfaidh mo chéad searc le bánughadh an lae, agus buailfidh sé port ciúin le cumha mo dhiaidh.II. Is óg agus is óg a chuir mise dúil i ngreannn
Agus dhéanfainn súgraidhe le mo rún ar faill.
Agus níl aon bhaile cuain dá ngluaisinn ann nach bhfuighinn cailín óg deas a shiubhalfadh liom.
III. Ó sgairt mé aréir ag an doras ann
Agus sgairt mé airíst le mo ghrádh go teann,
Sé dubhairt a h-athair liom ná raibh sí ann, nó gur éaloidh sí aréir leis an bhuachaill donn.
IV. Ó! Splóid ar an fhairrge nach h-í atá mór
Do chuir sí eadar mé agus mo mhíle stór
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin, agus gan dul na bhaile agam go Samhain úr.V. Tá an oidhche seo dorcha agus béidh go lá,
Le dul na "Muine" suas a iarraidh mná.
Is ag Aodh mac Fhionnlaigh a bhfuil aige a sháith, go bhfuighidh muid Máire is[?] agus faoi na láimh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall