Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 265
- XML “Amhrán”
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Maol Mháire Ruaidhe a d'fhág an baile tarnach”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is i Róise Ní Dhomhnaill aniar as na Rosann a sgríobh an t-amhrán seo. Bhí bó éiginteacht thart fá'n áit agus bhí dúil mhór aicí a bheith ag ithe eudaigh. Chualaidh Róise seo agus ar an bhomaite bhí amhrán déanta aicí fá dtaobh de'n bhó seo.Amhrán
“Cuirim-se ruaig agus slinn ar Árainn”
I
Cuirim-se ruaig agus slinn ar Árainn;
Indiú a choidhche nó go dtí lán an Bhráige,
Sí thug uaim-se na trí feara bréagtha a ba deise i méid agus a b'fhearr i nádúr,
Rinneadh an scairteach mhór thiar i n-Árainn ag iarraidh o rainn na cladaigh fhágail,
Imthighigidh sibhses na sibh atá sáiriighthe
Ní chorróchaidh muid inne go raibh lucht de'n leathach linn.
Shílmid féin sin go rabh muid láidir agus go ndeánfaimís builidheacht amach an lá sin.
Ach bhí an sruth róthréan agus an ghaoth mór láidir agus nuair a tháinig an plúchadh níor léar dúinn Árainn.
II
A Dhomhnaill Ruaidh bhoicht, a dheartháir dhíls nach dtáinig an t-am duit-se an pósadh a dhéanamh.
Nach méanáir don mhnaoi óig a bhfuil do phóg i ndán dí, agus nach h-iomdha bean óg do dhiaidh-se cráidhte.
A Dhomhnaill Uí Ghallchobhair nach trua leat an scéal seo a tháinig chugat le bánú an lae
Fá do mhac bréagh dóigheamhail a bhí múinte céillidhe agus fios nó a thuairisc le fághail i n-Éirinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall