Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 271
- XML “An Tailliúr”
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- I.
Tháinig ár mór fá'n éánlaith a shnámhas go h-éadtrom,
Níor bh'féarr leo an féar acu ná an t-iasg ar a líon.
Ach na cupla lacha spéireamhal a bhí ag Peigí mar fhéirín,
Ó, mo mhallacht don té shin, a bhain díobhtha na cinn.II Casadh an sionnach do Éamonn, sé labhair sé leis béarla,
Sé dubhairt sé, "Good-day, sir, and where do you go?"
" I cannot counsel it", ní cheilfeadh ó'n tsaoghal go ndeanfaidh muid féasta ort amuigh san Chró Mhór.III. Ar Éamonn gur thárlaidh an sionnach an lá sin,
Is é tarraingt go láidir amach thríd an mhóin.
Bhí bog-ultach sásta de lachaibh go h-árd leis,
Is é tarraingt, tarraingt go láidir amach thríd an mhóin
IIII. A Shionnuigh, glac camhairle is na tar fa na bóithribh,
Nó má's nidh go gcluin Eóin é ní fada do shaoghal,
Tá an gunna aige i n-órdughadh fá choinne do thórraimh go gcuiridh sé an tóir ort amach as an tír.V. Má théighidh tú go Trian Iochtar, glac mo leith-sgéal go caothamhail;
a's mínigh dul síos duit fá mo bhrón agus fá mo leathtrom; go bhfuil uain, agus caoirigh go leór ar gach taoibh díom; agus na fiú damh-sa críochnughadh go dtí an Fhéil Eóin.VI. Tá Domhnall Mac Suibhne go olc damh go cinnte,
Ní rabh cara san domhan sin dá mbéadh siad mo chomhair.