Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 274
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cut sgallta":- Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air:- Bhí talamh an bhcht ann agus tá go fóill Ní bhíonn mórán báirr air nó níl ann acht clocha.
Cró na gcearc;- Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin air: ba ghnáthach leis na sean-duiní cró fód a bheith annsin aca fá choinne a gcuid cearc a bheith annsin aca agus fá choinne a gcuid caorach fosta.
Creig Chorr na máirnealach:- Cailleadh lucht bád ar an chreig seo ba as na h-oileáin thiar iad. Bhí fear agus bean i n-a gcomhnuidhe ar oileán Uí Bhaoghail. Bhí an fear i gcomhnuidhe ag troid leis an mhnaoi. Acht chuir sise sgéala chuig a gcuid dearbhráthar leis an fhear a mharbhú. Bhí sise le teinidh a lasadh ar an chéideádh le iad a theacht isteach ann. Acht d'imthigh seisean agus las sé teine ar an chreig seo. Nuair a bhí siad ag teacht thugadar (leo) aghaidh air. Thainig siad isteach fhad leis an chreig agus briseadh an bád agus báitheadh an t-iomlán. - Áit-ainmneacha eileIs í Machaire Rabhartaigh, Gort-an-Choirce i mbarúntacht Chill-Mhic Eanáin atá na h-ainmneacha seo uilig.- Seo liosta aca:
An gárradh beag, an Lag, an sruthán mór, an Mullach mór, Cur an mhullaigh, Gárradh Nell, Curr an Mónadh, An t-Árd.
An Gárradh beag:- Gárradh beag é seo atá suidhte ag taoibh na trágha. B'éigeann claidhe a chur thart air le críoch a dheanamh idir é féin agus talamh eile. Ní rabh mórán toirte aige nuair a bhí an claidhe air agus baisteadh an "Gárradh beag" air.
"An Lag":- Tá píosa de chuid talaimh chúpla duine suidhte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Mhaolcharain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall