Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 282
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An t-iomaire ban:- Baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé curtha fé bhárr bliadhain amháin agus ní rabh bliadhain ar bith eile.
An Gárradh beag:- Tá páirc mhór ann agus tá áit géarrtha amach ann cosamhal le gárradh agus sin an fáth gur baisteadh an t-ainm air.
An Claidhe úr:- Sé an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh ibhfad ó rinneadh é.
An Bídinn:- Baisteadh an t-ainm sin uirthí mar go rabh sí mín agus gan cloch ar bith ann.
Druim-an-Ailt:-Sé an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé ós cionn ailt
Páirc an t-srutháin:- Baisteadh an t-ainm uirthí mar go rabh sruthán uisce ag a bhun.
An Píopa:- Baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé ag taoibh píopa a bhí ag dul faoi an bhealach mhór. - Áit-ainmneacha eile.Bun-an-Aiilt, Bun-an-t-siolastraigh, na clocha bána, An Phairc láir, Páirc Eoghain, An Phairc Bheag, Thiar ag an t-sruthán, Thiar ag na fearacáin, An Ghrág mhór, An Pollán, Claidhe na h-aiteannadh, An aiteannach bheag, An seasgán, An sraith luing, Cnoc-an-leithéid.
Bun-an-Ailt:- Sé is ciall le Bun-an-Ailt: Alt mór atá ann agus cuid mhór cloch ar gach taobh de, agus sruthán beag ag teacht anuas i n-a lár. An bun atá ann tá sé mór farrsaing agus thig le eallach inghilt ann. Sin é an fáth gur baisteadh "Bun -an -Ailt" ar sin.
Bun-an-t-Siolastraigh:-Sin áit a bhfuil cuid mhór siolastraighe ag fás(leanann ar an chéad leathanach eile)