Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 283
- XML “Áitainmneacha Eile”
- XML “Ainmneacha Áiteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag a bhun. Ins an t-samhradh bíonn cuid mhór uaisle ag déanamh iongantais de'n áit seo, nó tá sé go deas gleoite thart fá dtaobh de.
An Pháirc Lár:- Seo páirc atá ar fheirm m'athar. Tá páirc Sheamuis Uí Gallchobhair ar an taobh dheas dí, agus páirc Éamonn Uí Gallchobhair ar an taobh eile.
Na Fearacáin:- Sin píosa beag talaimh agus trí fhosgladh ann agus idir na foscailtí seo fásann féar beag deas glas agus bíonn eallach ag inghilt eatorra.
An Pollán:- Sin an áit a bhfuil cuid mhór páirceanna beaga indiaidh a chéile. Tá an áit cineál crochta agus tá bun na bpáirceanna cineál (crochta) ina bpoill mhóra fharsainge. Ins an Geimhreadh bíonn locha beaga uisge ag a mbun seo agus shilfeá gur locha iad a bhí ann ariamh.Ghníthear curadóracht ins na páirceanna beaga seo, agus bheir siad bárr maith coirce agus préataí uatha comh maith le rudaí eile nach iad.
An Sgraith Luing:- Sin áit mhór, bhog nach dtiocfadh le duine nó le gamhain seasughadh ann. Nó dá dtéigheadh siad síos faoithe, go bráth ní thiocfadh siad anios. - Ainmneacha ÁiteannaTá siad seo uilig ar an Ardaidh Bhig i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoilidh
An Dam:- Áit a bhí ag na daoine fadó ag déanamh líon. Bhí sruthán 'na rith ann agus áit amháin bhí an t-uisge stapaidh aca.
"Árdán mhór Uí Bhaoghaill";- Tugtar an t-ainm sin air siocair gur ag a bhun a bhí teach Uí Bhaoghaill. Is ann fosta a cailleadh an Baoghlach a am laethe breághtha Samhradh ag amarc ar an fhairrge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua hArlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall