Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar tá slabh. Sin tuirnipí agus iad bruithte. Annsin bhrúigheadh siad iad go mbíodh siad go mion aca. Bheireadh siad do na capaill. "Mais" sin biadh eile aca, preataí brúighte agus uisge galach fríd a cheile.
- Bia na n-Ainmidhthe ( ar lean).
Ba: Bheirtear préataí fuara agus iad gearrtha do bha. Nuair nach mbíonn préataí fairsing bheirtear cál agus cóchan dóibh. Cóchan, coirce min agus féar an gháth-bhiadh a bheirtear do na caiple.Bheirtear an cóchan dóibh tamall roimh dul ó sholus de agus bheirtear coirce agus deoch mine buidhe dóibh i ndiaidh teacht isteach ó na gcuid oibre. Itheann siad an féar amuigh ins na páirceanna.
Muca:- Préataí bruighte agus bainne a bheirtear dóibh. Bíonn na préataí brúighte leis na lámha agus bainne ortha fá choinne iad a dhéanamh bog. Bheirtear bainne mar dheoch dóibh. Caoirigh:-Ní thugtar aon nidh do chaoirigh mar go mbíonn siad i dtólamh ag inghilt amuigh ar na sléibhte agus ins na pairceannaíbh.
Cearca:- Préataí brúighte agus coirce an ghnáth-bhiadh a bheirtear dóibh,. Bíonn na préataí brúighte briste suas agus gráinín min buidhe ortha. Cuirtear braon uisge the fosta ortha le iad a dhéanamh bog agus te.
Géacha:- Préataí fuara agus coirce is mo bheirtear dóibh. Bíonn na préataí fuara gearrtha suas agus piocann siad leobhtha ortha. Bheirtear coirce dóibh uair amháin sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall