Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 311
- XML “Ag Scairtigh ar na hAinmhithe”
- XML “Ainmhithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ritheann an gamhain annsin fhad leis. Nuair a theighthear amach tráthnóna fá choinne na gcaorach le h-iad a chur isteach i na gcuid bóitheach scairtear mar seo ortha "Mea, Mea, Mea", agus cruinnigheann na caoraigh agus na h-uain go dtí taobh a chéile. Fosta, nuair a theightear amach a chuartugadh na lachan seo an dóigh a scairtear ortha "Feet, Feet", agus annsin cliuntear iad ag sgreadaidh go h-íseal.
"Pisiú, Pisiú, Pisiú", an dóigh le scairteadh ar an chat agus ritheann sé fhad leat. "Tiuc, Tiuc", an dóigh le scairteadh ar na cearca chun bidh. Nuair a bíonn na daoine ag tabhairt deoch nó préataí de'n eallach deirtear "Chuo, Chuo, Chuo", agus fanann an t-eallach go suaimhneach. Nuair a bíonn cearc agus éilín ar shiubhal giota beag ó'n teach tosuigheann an duine a bíonn ghá gcuartughadh ag rádh "Birdí, Birdí, Birdí" agus tig na h-éanacha beaga agus an chearc fhad leis. "Hus, Hus, Hus" an dóigh le scairteadh ar mhuic chun a cuid bidh. "Goosey, Goosey", a deirtear leis an ghé. Nuair a téigheann duine a scairtigh ar chapall seo an dóigh a scairteann sé air :- "Pió, Pió, Pió", agus annsin ritheann an capall fhad leis. Nuair a bionn duine ag gabháil an bealach mor agus ba leis, agus ceann aca a ghabháil isteach i bpáirc nó i gcuibhreann deireann an fear leis an bhó "Buic, Buic" agus tigeann an bhó amach. Bhionn eallach agus caoirigh ag milleadh báirr agus nuair a a bíthear ghá ndreasadh deirtear leis an mhadadh, "Pis, catch him", cuir amach iad - Seo iad na h-ainmhidhthe atá againn sa bhaile :- ba, cearca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall