Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 314
- XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”
- XML “Cearca Goir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíonn an comhartha amháin ag achan duine, nó dá mbíodh ní aithneóchaidhe na caoirigh in aon chorr. Geárrann cuid de na daoine an olann de'n mhuineál acú agus geárrann cuid eile acú an olann de'n druim acú. Comhartha eile fosta an tarra. Cuirtear canna mór tarra síos ar an teinidh agus nuair a bhíos sé léighte acú dóirteann siad síos ar an druim acú é.
- Cearca Guir
Is gnáthach cuid mhór éilineacha a leagan i mí a Mhárta. Ar tús gheibhtear bocsa agus cuirtear cóchán glan ann agus 'na dhiaidh sin an chearc ghuir. Deirtear nach bhfuil ádh ar bith i n-uimhreacha cora (odd) go mór mhór trí déag siocar gurbh é "Iúdas" an tríomhadh fear déag a bhí ag an t-suipéar dhéidheannach; sin an fear a dhíol Íosa. Má leagtar éilín nuair a bhíos an lán mara lán deirtear gur coiligh uilig a bhéas air, agus má leagtar é nuair a bhios an lan mara ag dul amach deirtear gur cearca uilig a thiocfas as na h-uibheacha. Bíonn na h-uibheacha marcálta ag cuid mhaith de na daoine sé sin dá bhfuigheadh siad uibheacha iasachta agus iad a leagan fríd a gcuid fhéin Chuireadh siad marc eigín ortha go bhfeiceadh siad cé aca b'fhéarr a gcuid cearc fhéin nó an chuid eile. trí seachtmhainí a bhéas uibheacha cearc sula dtuigidh siad amach; mí a bhéas uibheacha lachan; cúig seachtmháiní uibheacha géacha agus an t-am céadna uibheacha turcaigh. Seo an dóigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall