Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 315
- XML “Cearca Goir”
- XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a n-aithneóchadh duine go bhfuil éan ins an uibh. Seachtmhain sula dtigidh siad amach tóg ceann de na h-uibheacha agus cuir eadar thú féin agus an solus í agus má bhíonn an bárr folamh béidh éan san uibh sin. Tá dóigh eile ann fosta:Tabhair leat scála uisce bhuig agus cuir na h-uibheacha go léir isteach ann, an ubh a fhanas ar bárr agus a rachas a bhogadaigh béidh éan san uibh sin agus an ceann a rachas go tóin níl éan ar bith inntí. Sé an biadh a gheibheas siad indiaidh iad a theacht amach, min choirce, min bhuidhe agus uisge galach anuas uirthí, agus deirtear go bhfuil ubh agus í bruithte go cruaidh an mhaith ag turcaigh óga le iad a thabhairt 'un tosaigh. Tá féar an ghlas iongantach maith ag géacha óga.
- Sgéaltaí fá dhaoiní a dtiocfadh leo bainne a thabhairt ó eallach.An dóigh a ndeánfadh siad é agus an leigheas a bhí air.
An chéad lá de Bhealtaine bhíodh siad na suidhe sul i n-éirigheadh an ghrian. Théigheadh siad fhad le naoi dtobar agus bheireadh leo braon uisge as gach ceann. Dóigh eile:- A ghabháil go dtí toighthe a raibh tú ag gabháil a thabhairt leat an ima asta, Lá Bealtaine fosta agus sifín de'n mhuirineach a thabhairt leat. Níl fhios ciacu bhí deilín ghá rádh aca nó nach raibh. Bhí cuid eile aca a chruinnigheadh an méid salachair a bhíodh ar an urlár. Ghnídheadh siad "rí" (row) de thart l lár an toighe. Théigeadh siad féin isteach ann agus thosnuigheadh an deilín aca. Níl fhios caidé an deilín. (aca).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hÁrlaí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Mac Ruadhraighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua hÁrlaí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall