Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 445
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe na feirme.Seo ainmneach na h-ainmhidhthe feirme atá againn:- An bhó, an beithidheach, an asal, an tarbh, an gamhain, an chaora, an reithe, an gabhar, an mhuc, an searrach, an madadh agus an cat. Tá ba againn. Seo na h-ainmneach a bheireann muid ortha:-
Bó bhreac, bó na leath-adharca, bó bhuidhe, bó na n-adharc cam, maoilinn agus sluacainn. Nuair a bíonn fear ag tiomáint ba deireann sé:- Hie, hie, hie. Bheireann muid:- suggie beag ar na gamhna. Boitheach a tugtar ar thigh na mbó.
Cuirtear cóchan, lochán, grabhar mónadh agus ceipar mar asair faoi na buaibh, Bórach a tugtar ar an cheangal a cheanglaithear na ba. Cuirtear téad ar na caoirigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Aoigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall