Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 22
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí bean ann am amháin agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire Bobanta.”
Sean-sgéalBhí bean ann am amhain agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire bobanta. Lá amháin dubhairt Gráinne go gcaithfeadh sí féin imtheacht agus saibhreadh dithe féin " Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa sise." Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fear liom tuirtín mór agus dó mhallacht" arsa sise. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Casadh fear uirthí agus rinne sé í a fhastódh
Bliadhain agus lá na dhiaidh sin dubhairt Nuala go rabh a deirbhsiúr ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí ag dul ar a chuairt chuici." Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh", arsa Nuala."Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fearr liom tuirtín mór agus dó mhalacht. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Rinne sí fastodh ins an teach cheudhna ina rabh an cheud bhean.
Bliadhain agus lá 'na dhiaidh sin dubhairt Máire bobanta go rabh a deirbhshiúr ar shiubhal le dhá lá agus dhá bhliadhain agus go rabh an dara bhean ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí fhéin a imteacht fosta. Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa Máire. "Caidé an seort tuirtín is feárr leat" arsa an mhathair. "Tá" arsa Máire "tuirtín beag agus dó bheannacht".Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Eadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Gabhna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall