Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 150
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)atá acu, ach tá beurla maith ag cuid acu fosta. Chaith an chuid is mo de n-a sean-fhir an chuid is mo de n-a gcuid ama i n-Alban agus sin an áit a bhfuair siad an beurla.
Is féidir leis na sean-daoiní seo uilig sgéaltaí a innse, bíodh siad fada no goirid. Thig le cuid acu sgéaltaí-sidhe a innse, agus cuid eile acu a inneas sgéaltaí níos suimeamhla na sin.
Ainmneacha na sean-daoiní:
Brian O Sídheail
Sighle Nic Suibhne
Brian O Sídheail
Cáit Ní Shídheail
Eibhlín Ní Ghallchobhair
Seosamh O Dubhgain
Seán Mac Suibhne
Tá trí shean fothracha ar mo bháile. Sean teach Mháire Nic Aoidh, sean teach Shorcha Nic Éaididh, agus sean teach Eoghain Uí Shídheail.
An dream daoiní do bhí i dtoigh[?] Mháire Nic Aoidh, tá siad uile go leir marbh. Tá cuid de'n dream do bhí i dtoigh Shorcha Nic Éaididh marbh, agus cuid acu in-Albain. Tá bean den chlann pósta ar mo bháile fhéin, agus bean eile acu pósta i Mín-Doire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann