Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 199
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Faithni:-
(1) Dhá chuid a dheanamh do phréata agus cuid amhain de a chaitheadh isteach sa teine agus an chuid eile a chaitheamh faoi chloich agus nuair a d'imeochadh an préata d'imeochadh (an) na faithní.(2) Naoi ngluin cochan a chuir isteach i ngiota pháipéir agus é a chaitheadh ar an bhealach mhór agus an chead duine a thogadh an paipéir thiocfadh na faithni air.- Bailitheoir
- Eoghan O hEarcain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fána Bhuí, Co. Dhún na nGall
- Leigheas leonta
Da leonfa do chos rachfa ag sean-bhean éiginteacht a bhéadh an leigheas aicí. Geobhadh sí snaithe líon agus chuirfeadh sí thart é ar do chois trí h-uaire agus deurfadh sí urnaigh éiginteachtAn triuch.Da n-ólfa bainne capall a bhéadh ar an chead searrach cupla deoch de a ól achan lá agus mhuirbfeadh sé an casachtach.(leanann ar an chéad leathanach eile)