Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 219
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí baintreabhach ann aon uair ámhain 7 bhí beirt mhac aige. Bhí sé le pósadh ar chailín eile acht chaith sí suas é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)iad.
Bhí an saidhbhreas caillte ar an stocach bhocht anois. Smaointigh an stócach annsin go ndiolfadh sé a bhealach go Merioca sul a mbéadh an t-airgid caithte aige. Rinne sé sin seachtmhain na dhiaidh sin agus nuair a bhí sé leath bealaigh anonn ar an fhairrge, tháinigh stoirm mhór. Bhí oileán beag amuigh i lar na fairrge an áit in a dtáinic an stoirm agus nuair a thionntuigh an bád léim an stocach amach as an bhád go dtí an talamh thirm.
Bhí sé na chomhnuidhe annsin ar feadh tamailt agus gan aon duine aige acht é fhéin. Nuair a bhí sé cúpla lá ar an oileán seo, chonnaic sé an crann ubhlaí a ba mhó agus a ba deise a chonnaic sé ariamh. Bhain sé ceann de na h-ubhlaí seo de'n chrann agus d'ith sé é. Comh luath agus bhí sé ithte aige, thoisigh an crann mór a fhás amach ar a cheann agus d'fhás sé go mór sin as gur bh'éigean do suidhe síos ar an talamh.
Thoisigh an crann a bhí ag fás amach ar a cheann, thoisigh sé a chateamh anonn a mullach crann na n-ubhlach beaga a bhí ar an taobh eile do. Bhí sé imeas[?] gur béidh sin leighis a bhí ins na h-ubhlaí beaga agus bhain sé ceann acu agus d'ith sé í. Comh luath agus bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Éarcain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall