Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 246
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann am amháin agus bhí bhí beirt nigheanach aicí. An oidhche fuair a n-athair bás goideadh mála airgid ortha agus bhí siad iontach bocht o sin amach.”
SgéalBhí bean ann am amháin agus bhí bhí beirt nigheanach aicí. An oidhche fuair a n-athair bás goideadh mála airgid ortha agus bhí siad iontach bocht o sin amach. Lá amháin smaointigh an nighean a ba sinne go rabh an t-am aicí imtheacht agus rud éiginteacht a shaothrughadh.
Rinne sí réidh fa choinne imtheacht agus chuir a máthair ceist uirthí cé aca b'fhéarr léithe tuirtín mór sa mallacht, no tuirtín beag beag sa beannacht, agus dubhairt sí gur b'fhéarr léithe tuirtín mór sa mallacht. Thug sí dúithe tuirtín mór agus bhí sí ag mallachtaí uirthí go dtí go deachaidh sí amach as a h-amharc.
D'imthigh sí léithe go dteachaidh sí fhad leis an chead teach a casadh díthe. Chuaidh sí isteach ann agus d'iarr sí fastach agus thug siad fastach díthe. Lá thar na bhárach bhí bean an toighe ag imtheacht agus d'iarr sí uirthí achan rud a déanamh go maith acht ar a bhfachaidh sí ariamh gan amharc sa tseimleóir.
Nuair a bhí achan rud déanta ag an chailín smaoitigh sí go n-amharcfadh sí suas go bhfeiceadh sí caidé bhí suas ins an tseimleóir. D'amharc sí suas, agus chonnaic sí mala airgid. Tharraing sí anuas an mála agus bhí sean chaileach istigh ins an teach agus rinne sí fead ar an bhean a bhí ar shiubhal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Sidhbheail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall