Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 262
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean agus fear ann aon uair amháin agus bhí feirm mhór talaimh acu. Lá aonaigh amháin d'iarr an bhean ar an fhear a ghabhail 'un aonaigh agus muc a cheannacht.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.Scéal
“Bhí fear ann am amháin agus bhí bean ionntach fallsa aige. Maidin amháin cha leigfead an fallsacht díthe éirigh leis an teine a chur síos.”
Sgéal
Bhí fear ann am amháin agus bhí bean ionntach fallsa aige. Maidin amháin cha leigfead an fallsacht díthe éirigh leis an teine a chur síos. Smaoitigh an fear go rabh an t-am aige éirigh le ghabhail i gcionn a chuid oibre. D'éirigh sé agus b'eigeann do fhéin an teine a chuir síos.
Nuair a bhí an teine síos aige chuir sé ceist ar an mhnaoi goidé a bhí cearr nuair nar éirigh sí. Chuir sise i gcéill go rabh sí tinn. Rinne an fear réidh an tae annsin agus thug sé braon tae do'n mhnaoi ins an leabaidh. Níor ól sise ach cupla bolagam ag cur i gcéill go rabh sí iongantach tinn.
D'imthigh an fear amach ag a chuid oibre. Nuair a fuair an bhean amuigh é(leanann ar an chéad leathanach eile)