Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 10
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)garda eile lá-na-bharach agus d'fiafruigh sé fhéin gárda eile agus thosuigh an gasúr ag innse. D'innis an gasúr do gur mharbh siad é agus gur chur siad é 'san gharaidhe. D'fiafruigh an gárda dó'n ghasúr an rabh spáid aige, dubhairt seisean go rabh. Thug siad leobhtha an spáid dul a fhosgladh an uaigh. Nuair abhí siad ag polladh síos d'fiafruigh an gasúr dó'n garda a rabh dhá adheirc ar an gárda 's aigesan. Dubhairt an gárda go rabh. D'fiafruigh sé do an rabh ruball air agus dubhairt an gárda go rabh. D'fiafruigh se do an rabh ceithre cosa air. Dubhairt an gárda go rabh. Caith an gasúr amach an gabhar agus dubhairt sé leis an gárda, "sin chugat anois agus tabhair leat é." Dubhairt an gárda leis an ghasúr arbh é sin an gárda a mharb sibhse. Dubhairt an gasúr gurab é agus go gcaithfidh sé gurab an diabhal abhí ann. Bhí sé 'na ghárda nuair a mharbh muidinne é agus tá sé in a bhoc ghabhair aois.- Bailitheoir
- Seán Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Aoidh Mhic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall