Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 158
- XML “Daoine Beaga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul
Daoine BeagaTá trí ná ceithre scór bliadhain ó shoin nuair a rachadh na daoine a blighe na mbó ní bhfuighfeadh siad aon dheór aca. Oidhche amháin chuaidh fear amach 'un an bhoithigh leis na ba a bhlighe. Chonnaic sé gearrfhiadh i n-a shuidhe faoi cheann de na ba ag tarraingt an bhainne as úgh na bó.Thug an fear iarraidh air le n-a bhualadh le bata. D'imthigh an gearrfhiadh amach ar pholl a bhí ins an bhalla.
An dara oidhche chuaidh an fear amach 'un an bhoithigh agus bhí gunna leis. Choimheád sé go d-táinig an gearrfiadh agus sgaoil sé leis acht cha dear an ghnáin dochar ar bith dó. An tríomhadh oidhche chuaidh sé amach, chuir sé bun thrí phighinn ins an ghunna, Nuair a tháinig an gearrfiadh isteach 'un an bhoithigh sgaoil an fear leis agus chuir sé bun na d-trí b-pighinn isteach fríd a chois tosaighe. Tháinig sruth fola le n-a chois agus d'imthigh sé i n-a rith. Lean an fear do lorg na fola go d-táinig sé a fhad le teach. Chuaidh sé isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhearadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Fearadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall