Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 170
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-Aimsire:
1. Nuair atá an fáinne i bhfhad ar shiubhal o'n ghealaigh tá an ghaoth comhgarach.
2. Nuair atá an chorr-mhónadh ag dul síos go dtí an tráigh sin comhartha maith.
3. Nuair atá na géacha fiadhaine ag dul chuig na cnuic sin droch comhartha.
4. Nuair atá na réultógaí ag rith san spéir béidh siocán ann.
5.Nuair atá an ghrian dearg ag dul i luighe dí tráthnóna sin comhartha maith.
6.Nuair atá fáinne thart fán ghréin sin comhartha gaoithe.
7. Nuair atá túr-cheatha sa spéir
8. Nuair atá fionnadh gabhair sa spéir sin comhartha gaoithe.
9. Nuair atá teas milltineach as an teine sin droch-comhartha.
10.Nuair atá na miltogaí iontach fairsing tráthnóna Shamhraidh sin comhartha fearthanna.
11. Nuair atá séideán anuas ins an simlear agus na géacha fiadhainne ag dul chuig na cnuic sin comhartha go bhfuil stoirm le theacht.
12. Nuair atá an ghealach leath-bháidhthe ins an spéir sin comhartha báistighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fán Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sorcha Bean Uí Fhearadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Fán Mór, Co. Dhún na nGall