Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal:
An Gasúr a d'fhág a Áit.Bhí gasúr beag ann aon uair amháin, agus bhí sé ar fastodh amuigh ins an Lagán. Lá amháin d'fhág sé a áit agus tháinig sé isteach go Litir Ceanainn. Chaith sé an lá ag siubhal thart, ag amharc isteach ins na fuinnneoga, agus sháraigh air a ghabhail na bhaile an oidhche sin. Níor mhothuigh sé go rabh an oidhche dorcha air, agus beigean do loistín na h-oidhche a cuartugadh. Shiubhal sé leis cupla míle taoibh amuigh den bhaile mhór, agus chonnaic sé solús beag i bhfád uaidh. Tharraing sé ar, teach a bhí ann. Chuaidh isteach ní rabh duine ar bith istuigh acht bean a toighe, agus diarr sé loistín uirthí. Dubhairt bean a toighe, nach rabh aicí dó agus chuir sé amach é. Chuaidh sé síos go binn an toighe, agus damharc sé isteach an pholl do bhí ar sheandoras a bhí druidhe isteach le clocha go barr, agus bhí spás beag nach rabh druidte aca. Chonnaic sé an bhean ag deanamh réidh gé rósta, agus tháinig fear eile isteach, agus tharraing sé buideal mór amach as a phóca, agus d-fhág sé ar an tábla é. Chuaidh sise go d-tí an pota annsin, agus chuir amach gé agus dith an bheirt aca é. Fuair sise gloinne, agus dol siad an t-uisce beatha, agus do díreach nuair a bhí siad ag deanamh ar g-cuid tháinig fear eile go d-tí an doras, agus chuaidh sé isteach. Chuir sise an gé i bh-folach faoi an sgála do bhí ar an dreisiúr, agus chuir sí an buidéal faoi an leabaidh cháf. Dimthigh an fear, agus chuaidh sé isteach faoi an bhairrle do bhí ins(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éadhmonn Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall