Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 233
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach [?] chailín. Beidh sé i ndiaidh am luighe domhain. Beidh buidéal cúig naigín de uisce-bheatha le gach duine. Má ólann lucht an toigeh i e. athair agus mathair an chailín as an bhuideál is geal ag lucht an airnéil é. Má dÍultuigheann siad é is olc an sgéul é. Má táthar ag dul ar aghaidh leis an bhainfheis rachfaidh an fear óg agus duine de n-a mhuintir siós go d-tí an seomra agus beidh fear a toighe agus a bhean-chéile annsin fosta. Socrochaidh siad ar an spré - "cruth" a bheirtear mar ainm air annsin. Is gnáthach deich b-punt fhiceadh a thabhairt do chailín mhéasamhail nuair a bhionn sí pósta. I g.cionn bliadhna i n-a dhiaidh sin nó nuair a bhéas oidhce ann geibh sí bearach dá bhliadhain nó bó óg in laoigh, nó bhfheidir cliobóg óg. I n-amanna beirtear suas le deich g.cinn de chaoirigh i n-áit an stiuc eile luaidhte thuas. Más teach úir nuadh atá an bhrideóg ag dul ag comhnuidhe ann, gheibh sí go minic leabaidh éadach leabtha. Idir plaincéidí agus gach éadach eile a bhaineas le leabaidh agus go minic suas le duisín nó scór cearc. Ní cuimhin le daoine ar bith beo annseo an pósadh a bheith insa na toigthibh.
Ins an t.sean-aimsir bhiodh cóisire ag na daoine le linn póstá a bheadh ann. Rinn siad "Daíl", a deirtear ar an chéad oidhche nuair a thig an fear ag iarraidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)