Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 245
- XML “Eas Fhionáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin nuair a bhí Colmcille ag rádh a chuid urnaighe agus ag léig'eadh a phortus comgarach ag an fhairrge ós coinne Toraigh; ag an phort fá choinne Toraighe amach; Thainic thart mór ar shagart óg a bhí in a chuideachta, agus cia bhí ins an chléireach óg seo acht Naomh Fíonáin. Agus ní rabh uisce ar bith comhgarach aca, acht an tsáile.Nuair a chonnaic Colmcille goidé mar bhí, agus go rabh Fionán comhair a bheith ag bárr de dhíoghbháil uisce, bhuail sé trí bhuille le n-a bhata ar an charraig do bhí ós a choinne, agus thainic trí srutháin uisce as an charraig, ar an bhomaite, sa chrúth gur baineadh an tart de'n Naomh.Tá na trí srutháín sin ag teacht as an charraig go dtí an lá indiu, cosamhail leis an lá sin, agus bíonn miorbhuiltí ins an uisce, agus tá léigheas ann do go leór accídeach, mar laige, tinneas corp, meath, pian na g-cnámh, claoidhteacht.An chéád luain i Mí na Lughnasa, agus Lá Fhéile Muire fá Lughnasa, agus Lá Fhéile Mhuire fá'n Fhoghmhar is mó a bíonns daoine ag deanamh an turais go h-Eas Fionáin. Mná agus páisdí is mó a bhíos ag dul ann anois ar na laethe seo. Théid na sean fhir fosta. Téidhtear ann go minic ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Congaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séumas Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall