Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Naomh Fionán naomh patrún an cheanntair. Tá Ráth Fionáin ar a d-tugtar Ráth Muintire Domhnaigh tuairim ar mhíle go leith soir ó'n Fhálcarrach. Tá roilig ann agus tá sean-bhallóga ann go fóill. Is ins an Roilig seo atá Cros Colmchille. Deirtear gur Naomh Fionán a chur suas an Chros seo, agus tá gach tolas a bhaineas leis an chrois seo le fághail ins an leabhar béaloideasa seo cheana. Bhí an chros seo in a seasamh go d-tí céad go leith bliadhain ó shoin, nuair a leag an stoirm í.Ba ghaol do Cholmcille Fionán, agus bhíodh siad i g-cuideachta a chéile go minic. Tá an scéal a bhaineas le h-Eas Fionáin curtha síos agam roimh ré. Bhí mainistear nó teampall ag Naomh Fionán fá Ráithche. Bhíodh sé féin agus a chuid manach ins an áit, agus bhíodh siad ag dul isteach go Toraigh chuig Colmcille go mion minic.Tá an roilig annsin go fóill, agus curitear corr-dhuine ann anois agus arís , acht ar na bliadhantaibh deireannacha níor cuireadh mórán corp ann, timcheall ceathrar ins na duisín bliadhantach. Tá ballóga ann de theampall. Tá na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)