Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 257
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba h-iad na h-Olphertaigh na tighearnaí talmhan a bhí ins an áit seo. Bhí siadsan in a g-comhnuidhe i mBaile Uí Chonaill, an ait a bhfuil Coláisde Brighdhe - ceann de na coláisdí ullmhucháin - agus fuair an duine deireannach de'n dream sin bás ins an bhliadhain 1919, agus tá sé curtha i roilig speisialta, i ngar do'n chaisleán bhí aige.Thainic na h-Olfartaigh go Baile Uí Chonaill sa bhliadhain 1611 nó mar sin. Cha dtainic siad le linn planndála Chúige Uladh, acht ní rabh sé abhfad i n-a dhiaidh. Tá timcheall míle acra talmhan ins an duíthcí seo. Cuireadh na daoine amach as a gcuid talta mar nár dhíol siad an chíos i d-tráthaibh na mbliadhain 1887-1890. Cuireadh amach na daoine as na tighthibh, agus leagadh na tighthe fosta. Bhí na daoine sin a cuireadh amach thoir i mBaile na Bó. Sé chinn déag de theaghlaigh, agus iad beó í gcró agus i mboithigh. Tigthe fóid a bhí insna tighthibh beaga seo. Deanta suas i n-éadan claidhe. Tá cuid mór de na daoinibh a cuireadh amach ins an am sin beó go fóill. Fuair siad uilig isteach ar ais faoi an tighearna céadna nuair a shocruigh an saoghal síos. Macasamhail trí bliadhna do bhí siad amuigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séarlus Mac Iomhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall