Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 263
- XML “Duine Cáilmhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Imeasg shean-iondúirí na h-áite seo chualaidh mé ó fhear amháin gur rugadh agus gur tógadh insan cheanntar file agus sgríbhneóir a rabh clú agus cáil air darbh ainm Riobard Art Mac liam. (Robert Art Wilson)Rugadh é ins an teach beag tíre sin, a bhfuil na baltogaí de le feiceál go fóill, taobh thiar de'n sráid-bhaile atá ar thaoibh an bhealaigh mhóir atá ag dul síos go dtí an chéidh i mBaile an Easa. Rugadh é i d-tráthaibh na bliadhna 1820. Art Mac Liam Bhí ar a athair. Bhí sé i n-a bhaetéir ar an cósta seo; tógadh é i n-Domhnach Diaaigh ( Co. an Dúin), agus tháinic a mháthair as áit éighinteacht comharach ag Latharna.Nuair a bhí Robaird óg, bhí sé ag cur suime i mbéaloideas na h-áite , agus chuaidh sé fríd na tighthe ag éisteacht leis na scéulta, a bhi le cloisteál gá innse ag na sean-Gaedhilgeóirí san am, nuair a bheadh siad ar chéilidhe. Thrácht siad ar achan rud ó Neamh go h-Araing mar deirfeadh siad. Bhí eolas maith ag an fhear óg ar gaedhilg agus ba mhór an chuiduí sin dó in a chuid sgríbhneóireachta, agus chuir sé blas agus snas na Gaedhilge in a chuid sgéultach agus in a chuid dán. Chuir sé isteach a laethi ar sgoil i g-ceann de na sgoltachaibh Protustúnaighe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máighréad Ingean Benéid
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an Easa, Co. Dhún na nGall