Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cogadh na Talmhan i g.Cloich CheannfhaolaidhRinneadh príosúnach de'n Atháir Mac Stiopháin. Cuireadh isteach ins an bheiric ar an Fhálcarrach é, agus tugadh go príosún Dhoire é lá ar n-a bhárach. Ar lá na cúirte ar an Fhálcarrach tugadh ar ais go d-tí an Fálcarrach é. Fiachadh annsin é ag an Chúirt Dúithche ( Petty Sessions) roimh Uilic de Búrca R.M. agus is é an breithamhnas a tugadh air ná sé mhí de phríosúntacht. Thug an sagart urramach-Athair Mac Stiopháin- go d-tí cúirt níos aoirde é i Leitir Ceanainn. na Seisiúin Ráithemhail a bhí ann, agus d'éirigh leis téarma an phríosúntachta a ísliúgadh go d-tí cúig mhí. Chuir sé an príosúntacht isteach i nDoire Cholm Cille.
Tamall goirid i n-a dhiaidh sin rinneadh príosúnaighe de dhá chloiginn déag de'n mhuintir a bhí in a g.ceann-urraidh ar an mhór-shiubhal a bhfuil trácht deánta agam air roimh ré sa leabhar seo. Imeasg na b-príosúnaighe seo bhí Seán Mac Aoidh agus a dhearbhráthair Donnchadh, Muiris Fearradhaigh, Micheal mac Aoidh, Micheál Ó Dubhchoin. as Druim na Teineadh. Domnall Ó Brógán as Baile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mághnus Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall