Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Go díreach mar bhí buidhean ag na Caitilicigh le h-aghaidh troda a chur suas i n-éadan na d-tighearnaí talamh bhí buidhean ag na Protustúnaigh le troid i n-éadan na g-Caitiliceach. Ní rabh mórán de na Protustúnaigh insan áit acht an méid a bhí bhí siad dolbach, mar bhí an dligeh in-a leith agus bhí na Tighéarnaí Talamh ar an binse lá na Cúirte. Ní dhaorfadh siad protustúnach ar bith.
Leag na Protustúnaighe amach go sgaoilfeadh siad an t-Athair Mac Stiofáin. (Sagart Ceanntair an Fhálcarraigh.) Caith siad crann go bhfeicfeadh siad cé dheánfadh an obair agus thit an crann ar Phádraic Irvine. Níor ghlac seisean le sin a dheanamh, bhí sé sásta an chéad uair. Acht d'éirigh sé fuar insan obair, agus faoi dheireadh ghlac sé ar fad. Badh é Seán Beatty a bhí in a cheann urraidh ar chumann seo na b-Protustúnach. Thárla sé go rabh uaireadóir ag Pádraic Irvine seo amuigh i Leitir Ceanainn le bheith cóirighthe. Ní rabh aon fhear níos conigaraighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mághnus Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall