Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 103
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Léigheasanna
Tá cuid mhór leigheasannaí ag na daoine. An ceann atá aca fá choinne an triuch dul faoí asal trí uaire achan lá ar feadh trí lá. Igcionn cúpla lá béadh biseach ort. Tá cúpla duine fán áit seo agus tá'n leigheas aca fá choinne an Chit-bhrád. Bíonn an leigheas ag an seachtmhadh mac nó ag an seachtmhadh inghean ins an teaglach acht gán inghean ar bith a bhéith idir na mic no gan mac ar bith ach bheith idir na ingheannacha. Sé an dóigh a gní siad an leigheas theacht trí luan ar maidin sul a n-éirigh an ghrían agus a gcuid lamha a cuimilt ins an áit atá an phian trí uair. Tá leigheas ag bean dó'n déideadh. Tá sí na comhnuidhe ar an Chraosloch. Sgríobhainn sí rud éiginteacht ar ghiota bheag pápéir, lásann sí coinneal agus cuireann sí éadach ar an pháipéir agus bheireann sí duit é. Má léigheann tú an phaipéar nó má chailleann tú é tiocfadh an déideadh ort arais. Leigheas atá fá choinne na faithinne:- má bhíonn tú amuigh agus poll beag uisge a fheiceail igcarraig agus do chuid lámha a nigh ann. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghearrbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall