Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 29
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Doire Uí Fhrighill, An Fhálcarrach, Tír Chonaill an sgéal seo damh.
Sorcha Nic Pháidín. - SgéalBhí sean fear agus sean bean ann uair amháin agus ní rabh aca ach an inghean amháin. Lá amháin nuair a bhí an tathair ar an aonach ní rabh aon duine fa'n teach ach an máthair agus an inghean bheag. Nuair a thainig a h-aon a chlog dubhairt an inghean go rabh sí ag dul amach na cnuic leis na ba. Nuair a cuaidh sí d'fhan sí ar an cnuic go rabh sé mall tráthnóna. Annsin tainig ceo agus ní rabh fhios aici chá rabh sí ag dul. Sa deire chuaid sí ar seachrán fríd na cnuic. Bhí an mádhadh leithe agus thainig an madadh 'na bhaile. Nuair a thainig an tathair na bhaile cuaidh sé féin agus na comharsan amach ag cuartuighadh an inghean. Thoisigh an madadh ag tafaint lean na comharsa an madadh agus fuair siad an cailín bocht. Níor leig an tathair no an máthair an leanbh amach ar na cnuic níos mó indiaidh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)