Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 66
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Greannmhar.
Bhí buachaill óg ann uair amháin agus rinne a athair fastadh air amuigh i gCo Thír Eoghain. Bhí áit chruaidh aige agus oidhche amháin d'fhág sé an áit. Nuair a bhí sé leath bhealach abhaile bhí sé dorcha agus bhí sé ag teacht fríd coill. Chonnaic sé solas beag chuaidh sé go dtí an teach agus nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine beaga na shuidhe thart fa'n teinidh. Bhí sean capall ban na luighe ag an taobh íoctarach de'n teach. Nuair a bhí an buachaill óg istoigh tamall chuaidh na daoine beaga amach ag cuartugadh agus d'fhág siad an buachaill astoigh agus dubhairt siad leis dá leigeadh sé dó ribe amháin de'n capall a dhoigheadh go mharbhochadh siad é. Nuair a d'imthigh na daoine beaga tuit an buachaill na chodladh agus thainig an capall aníos go dtí an teinidh agus dóigh sé leath a dhruim. Nuair a mhuscail an buachail d'fhág sé an teach agus chuaidh sé suas ar bhárr crain. Nuair a thainig na sídheogaí agus nuair a chonnaic siad an capall chuaidh siad amach indiaidh an buachaill agus bhí comhnair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall