Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 94
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal greannmhar
Bhí fear ag gluaiseacht ins an trean ó Leitirceannáin go Doire lá amháin. Chuaidh sé isteach ins an traen agus thoisigh sé ag chaitheamh a phíopa. Bhí sgríobhadh ar an fhuinnéog seo nach rabh chéad ag duine ar bith píopa a chaitheamh ins an cárraiste seo. Bhí bean uasal ins an charáiste cheadhna agus bhí mada[dh?] glic aici. Nuair a chonnaic sí an fear ag chaitheamh an phíopa bhí fearg uirthí agus fuar sé greim ar an phíopa, agus caith sé amach fríd an fhuinnéoga . Bhí fearg ar an fhear agus fuair sé greim ar an madadh glic agus chaith sé amach fríd an fhuinnéog. Nuair a stád an traen chuaidh an bean uasal go dtí na gardaí agus d'innis sí achan rud a tharla nuair a bhí siad ag cainnt thainig an madadh suas agus bhí an píopa na bhéal aige.- Bailitheoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall