Scoil: Más an Easa (B.) (uimhir rolla 14775)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Prionnseas Mac Carraigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean istoig i dTorach uair amháin agus bhí foighid mhór aici. Lá amháin nuair a bhí a fear, a mac, agus a dearbhráthair amuigh ag íasgaireach ar an fhairrge mhóir, Déirigh an t-ansa agus baitheadh an trúir.
Ní rabh ag an mháthair annsin, act cailín beag, agus nuair a d'éirigh sí mór pósadh í, agus i gcoinn tamall beag bhí páiste aici fhein.
Thainig an mháthair-mhór le aire a thabhairt do, acht b'éigin duithe dhul abhaile arais. |D'iarr an inghean uirthi gan dhul na bhaile, nó go dtiocfadh an fear, agus marbochaidh sí í gan an dínnear a bheith réidh.
"Béidh mise annseo arais dul a dtigead sé" arsa sise.A cht rinne sí neamart a theacht in n-am, agus thainig an fear agus mharbh sé an bhean. Nuair a thainig an máthair-mhór casadh an fhuil uirthí ag teacht amach ar an doras. Char dhubhairt sí a dáth, acht d'iomchur sí acham rud go foighideach
Ní rabh aici anois acht mac amhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mrs Anne Shiels
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal Mór, Co. Dhún na nGall