Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 263
- XML “Lasadh”
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lásadh.
I bhfad ó shoin nuair nach rabh coinneal feagha no lampa agus óla aca. Bhí smutá giuise aca ar an teine, chruinneadh siad uilig thart fá dtaobh dó baiscáidh preataí agus d’ith siad a suipéar as an báiscáidh dó bhí ar an urlár leis an solas a bhí as smutáin giuise. Indhiaidh sin, chruinneadh siad thart agus dubhairt siad an phaidirín agus chuaidh siad na luighe annsin ag tabhairt buidheachas do Dhia. - An t-Aonach.
Tá mórán sean-nosanna ag na daoine ag an aonach anois. Tá ubhlaí, oráiste, péire milseain, briscáid agus mórán rudaí eile ar na seastain, agus ag na feirmeóirí.
Bíónn bac, (beathaidheach), capaill, uan, caoirigh agus asail aca, agus bíonn siad ‘a ndíol agus bíonn daoine as áiteacha eile ag ceannacht stocaí agus blous olna ó daoine eile. I bhfad ó shoin nuair a bhí aonach ag na daoine, ghoid na daoine cearc agus dhíol siad iad ag an aonach annsin fuair siad uisge-beatha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ardaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ardaidh, Co. Dhún na nGall