Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    de agus thug sé dá mhac é agus dubhairt leis é do dhíol. “Agus ní féadsair aon bhean do phósad” adeir se “ach an bhean do bhéarfaidh craiceann na caorach duit agus a luach”. D’imthigh an mac lá’r na mháireach agus thug sé leis craiceann na caorach agus bhí sé ag gabháil siar ‘s aniar tríd an margadh agus ag fiafraighe cé thabharfadh an craiceann ‘s a luach do. Ní raibh na daoine ach ag magadh sé. Tar éis an tríomhadh lá a chur de ar an gcuma san, bhí sé ag dúl abhaile agus é leamh de féin, agus an craiceann fós gan díol aige. Bhí bean óg ag dul go dtí an tobar sé dhéin uisge agus chonnaic sí é. Bhí na mná go léir ar an aonach tar éis diúltú do’n trial a chuir an Gobán orra, ach tháinig sí seo chun an Gobán óig agus dubhairt sí leis go dtabharfadh sí féin an craiceann ‘s a luach do. Thug sé an craiceann dí. D’aimsigh sí deimheas annsan agus bhearr sí an olann de. Dhíol sí as an olann agus thug sí an craiceann ar ais do.
    Tháinig an mac abhaile agus d’innis dá athair gur caradh bean óg air a thug an craiceann ‘s a luach do. “An aithneóchá airís í” arsan Gobá. “Ní aithneóchainn” arsan mac. Thug an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge