Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “An bhFuil na Sióga ann nó nach bhFuil - An Ceol insan Bhinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go ciuin socair agus thiocfadh linn agus níor labhairt duine againn focal go rabh muid sa baile."
    "Ar cualaidh duine ar bith eile ariamh ceol ins an bhinn seo?" arsa mise,
    "Och, Chualaidh leóga" arsa Aod. "Bhí an ceol, an sport, agus an damhsa a bheith le cloinsteal ins an bhinn corr amháin anois agus arais ó am an baitheadh mhór síos.
    Chualaidh mé m'athair agus mo mhathair ag tracht air go minic agus sé an bharamhail a bhí acú go rabh oidhche mhór acú ins an bhinn (?) amháin ins an bhliadhain - sé sin an oidhche a tharlaigh an baitheadh mhór."
    "Agus an bhfuil tú cinnte go bhfuil na Sidheóga ann ar chor ar bith?" arsa mise.
    "Cinnte," arsa Aod, agus d'amharc se go gearr orm. "Comh cinnte a's tá me beo." argus annsin d'innis se sgéal beag eile damh.
    "Tá cuimhne maith agam ar rud a tharlaigh damh roinnth maith bhliadhain o shion anois. Bhí me ag teacht abhaile ó fháire. B'eigean damh a theacht trasna cubhreann agus leóga ní rabh clú ra-mhaith ar an cuibhreann ceadna, no go dtáinic an sluagh sidhe ar leir daoine ann. Bhí sé fa tuairm a trí a clog ins an oidhche, agus nuair a bhí me leath-bheallaigh trasna an cuibhreann chualaidh me an torman ag teacht. Sheas me ag éisteacht, no ní rabh fhios agam caidé bhí ann, acht an dara bomaite tháinic an Sluagh mór thart ar gach taobh díom - leir fear bheaga ag marcaidheacht ar chapallaibh bheaga dheasa. Sheas mé comh ciuin le luchóg acht níor bhaint (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Stráin
    Inscne
    Fireann