Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 206
- XML “Seán Crosach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní rabh rud ar bith ag Seán le deanamh acht an t-airgead a thabhairt do arais agus chuir an fear ina phoca é.
"Cuir suas do lama anois" ars' an fear le Seán, "agus suas an bheallach mór leat,"Rinne Seán iarraidh a dhul annsoir a gearran, acht ni rabh a dhath a mhaith ann, bhí an fear eile idir e fhéin agus an gearrán, agus an pistiol go direach ar a chroidhe. Bhí Seán gaibhte cinnte go leór, agus b'eigean dó a shiubhail suas an bheallach mór agus carr searbh go leor air.Nuair a bhí Seán giota maith ar shiubhail, damharc sé thart ar an duine eile. Bhain fear an airgid an fheasóg de- féin agus thóg sé suas ins an aer í, agus chonnaic Seán annsin gur feasóg bhreágach a bhí air agus gur fear óg cliste ládair a bhí ann fan am uilig.Léim sé ar gearrán Sheáin annsin, thoisigh sé ag gaire agus d'imthigh sé leis agus d'fág sé Seán bocht na sheasamh annsin mar a bhí stacan ann. Níor stad an duine eile go rabh se sa bhaile. Thug sé an dhá cead punta do a mhaighistear. D'innis se an sgeál uilig dó fosta, agus nuair a bhí a saith gáire deanta ag an bheirt acú thug an fear oibre an gearran a bhaile leis.Nuair a bhí sé ag baint an diallaidh de'n ghearran thug sé fa dear go rabh an diallaidh iontach trom. Thoisigh se ag cuartughadh fríd agus caidé fuair sé ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cholla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Bhearnais, Co. Dhún na nGall