Scoil: Dún Fhionnachaidh (2) (uimhir rolla 9002)
- Suíomh:
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Ó Canainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí téagar 's neart chuirp a chuirfeadh an Mhuicis i do chuimhne. Bhí sé te go minic idir Bálor agus Ceannfhaolaidh.
Bhí dhá nídh a chuirfheadh an geir sa teine. Bhí ingean ag Balor, an oigbhean ba dheise snódh dar mhair len a linn.
Shanntaigh Ceann Fhaolaidh í, bhí a anam ag éigheamh uirthi de ló 's d'oidhche. Siocar an dubh ghraín a bhí ag Bálor ar C F chuir sé a ingean faoi ghlas 's choimhead ina thúr ársa ar oilean Thoraigh.
Bhí bó ag Ceanfhaolaidh, an Glas Gabhleann. Thálfhadh an Glas Gaibhleann oiread bainne le fiche ba 's bhíodh im 's uachtar iontach maith ag an bhainne sin. Ba biadh 's deoch san bainne ceadna agus bhí leigheas achan galar ann. Ina theannta sin bheireadh an bhó seo seacht ngamhna(leanann ar an chéad leathanach eile)