Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lord Leitrim an t-ainm atá ar an tigearna talaimh atá as cionn na paraiste seo. (an cuid is mo dhe) Fear maith atá ann agus fear mait abhí roimhe fosta acht an fear a rabh ann roimhe seo bhí diabhall ann comh mór le tarbh. Bhí sé cruaidh ar na daoine agus dibir sé a lán cuid acú as an talam agus planndal an áit sin le crainn agus tugtar Manor Bhaughan air go dtí an lá indiú. Is cinnte (?) do dearn sé tigeacha do na daoine ar díbir sé amach shuas i gCarraig.'San bliain 1878 bhí sé ag dul thart go Fanaid leis na daoine - cuid acu ar scór ar bith - a chuir amach as a gcuid talamh. Cualaid na (?) fir caide bí faoi agus thainic cupla cuinn (?) acú anall i mbád agus rinnead luigheachan air (?) ag Crainphuirt agus marbh siad é. Tá sé curtha shuas i mBaile Atha Cliath agus tá sé le feiceal annsan go foill.Bhí Lord Boyne beo comgarach do'n áit a bhfuil Ros (?) na mBeanna ( an teach (?) ) anois acht tá an caislean a bhí sé ann plucta ag an (?) gaineamh. Bhí Lord Boyne go mór ineadan an aontuigheachta 1800 agus chothal (?) sé inead cun seo.(?)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaughain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall