Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní rabh tuigeacha mhaith ag na daoine - bhí siad i' dtolamh (?) beag cistineach agus seomra amháin - b'feidir.Ba é cocan, fraoc agus murineach a bhí ortha mar ceann tuighe. Bhí leabaid ins an cistinigh agus cuir aít tu an "Balla Beag" le feiceal go foill. Bá i bean an tóighe a chodluigh ins an leabhaid seo igcomhnuidhe.Ni'l cuimhne ag duine ar bith an teine a bheith i lár an urláir san am i lathair.Ní rabh ariamh ar an teach acht doras amháin acht ins amanaí le 50 bliain cuireadh an cúl-doras ar bun. Bhí an doras i gcomnidhe druitthe le píosa srangain. Ní béadh ar teach acht da fhuinneóg agus bhí siad i gcomnuidhe beag. "Fuinneóg mhór cíos mór" bhí fuinneóg ar an cistinigh agus ceann ar an tseomra. Bhí an t-urlár deanta de creafóigh acht fuair na daoine amach go rabh leacha níos fearr agus siocar go rabh na rudaí seo le faghail go fairsing ar an taobh seo de Chraoslac. Cuireadh moran acu isteach ar son úrlair. Is aistighthe an rud le rádh go bhfuil úrlair creafóige go coithcheann go faill.Dóighfead siad móin fachlach agus guis. Ní rabh olla ar bith acu agus píosa guise. Nuair a thainic olla rinneadh na tinclearaí lampa beag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Mac Giolla Bríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Tír Lochán, Co. Dhún na nGall