Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhaol Rua (Mulray)
- XML Leathanach 84
- XML “Longbhriseadh”
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuarim fa chead bliadhain ó shoin bhí bád ag teacht ó Shasainn go dtí an tír seo. Nuair a bhí siad ag teacht thosuigh an ghaoth ag seideadh. Rinneadh a ndícheall le dul suas i mbáid agus thainic siad i n-aice Corn Binne, acht brisaedh an bád agus báitheadh an t-iomlán acu - tuairim fa 20 duine.
- Bailitheoir
- Padraig Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Carruigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Seoladh
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
(gan teideal)
“Bhí tighearna talamh ina chomhnuidhe i mBaile na nGalloglach trath amháin fichead bliain ó shoin, agus bhí sé an chruaidh ar na daoine.”
Bhí tighearna ina chomhnuidhe i mBaile na nGalloglach trath amháin fa cead bliadhain ó shoin, agus bhí sé an chruaidh ar na daoine. Chuir an sagart a rabh ar Thearmann cros mhór taobh amuigh de theach an phubaill agus char mhaith leis an tighearna seo. Dubhairt sé “ma tá an chros seo annseo nuair a thiocfas mé arais scaoilfeadh mé an sagart.” Bhí sé ag dul trasna Maoile Ruaidhe i mbád, thionntuidh an bád i lár na fairrge agus báthadh é féin agus a mhac. Deir na daoine ó an lá sin go dtí an lá indiu gur fear mór dubh a tharraing an tighearna síos faoin uisge.- Tuairim fa dhá bhlian déag ó shoin d’fhág dá fear Umra Cam(leanann ar an chéad leathanach eile)