Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair a bhí Colm Cille ag siubhal thart fá chladach na Maoile Ruaidhe. Bhí dhá fhear eile amuigh ag iasgaireacht.
Tháinig siad isteach agus chuaidh Colum Cille fhad leobhtha. D’iarr sé bradán ortha. Dubhairt siadsan nach rabh bradán ar bith acu.
Bhí fhios ag Colum Cille go rabh bradán acu. Char d’iarr sé ortha an dara uair, acht dubhairt sé “Comh fada agus tá an Mhaol Ruadh annsin ní bhfuigheadh duine ar bith bradán.”
Agus ó’n lá sin go dtí an lá indiu ní bhfuair duine ar bith bradán san Mhaoil Ruaidh.
(N.B. Tá bric geala le faghail ins an Mhaoil Ruaidh acht ní’l bradán)- Bailitheoir
- Seámus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Soracha Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Nuair a bhí Dia ar an tsaoghal seo bhí sé amuigh ag siubhal lá. Ag tuiteamh na h-oidhche thainic tairne agus soillsiughadh agus chuaidh Sé isteach i dteach ag iarraid lóistín. Fuair sé an lóistín agus nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin lá thar na bharach,(leanann ar an chéad leathanach eile)