Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 162
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Máire Nic Pháidín,
Dumhaigh,
Na Dúnaibh
Tír ChonaillDo fuair an sgéal seo ó
Aodh mac Pháidin,
Dumhaigh,
Na Dúnaibh,
Tír Conaill.
Tá an fear seo 65 bliadhain d'aois. - Seanchas i dtaoibh na h-aimsire.Nuair a bhíonn fáínne thart ar an grian nó ar an gealach bíonn fios againn go mbíonn stoirm ag teacht. Nuair a bhíonn na réalta an-soillseach bíonn fhios againn go mbíonn droch aimsir ag teacht. Nuair a t-chíonn muid scamaill ins an spéir ta a fhios againn go bhfuil cuid mhór fearthanna le theacht. Is comhartha mór é go bhfuil stoirm ag teacht nuair a t-chíonn muid na h-éanacha ag eiteaill go h-íseal agus ag gabháil isteach in uisge na fairrge. Nuair a fanann na ba amuigh mall trathnona sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht, acht nuair a fanann na cearca amuigh mall is comhartha é go bhfuil droch aimsir ag teacht. Nuair a bhíonn an cat ag scriobadh(leanann ar an chéad leathanach eile)