Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaoibh na h-aimsireIs maith an comhartha é an ghrian a fheiceail ag gabhail sios iongantach glan, mar bíonn fhios ag gach duine go bhfuil aimsear mhaith ag teacht, acht nuair a théigheann an ghrian a luighe go tapaidh sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht. Bíonn fhios ag gach duine fósta nuair a bhíonn fáinne thart ar an ghealaigh go bhfuil stoirm ag teacht. Bíonn loinnear as na realtógaí ar theacht an stoirm, agus bíonn scamaill mhóra ins an spéir. Nuair a bhíonn bogha baistighe ins an spéir ar maidín sin comhartha go bhfuil aimsear olc ag teacht, acht nuair a bhíonn bogha báistighe ins an speír ins an trathnóna sin comhartha go bhfuil aimsear maith ag teacht. Nuair a t-chidheann muid an tóit ag gabháil in áirde díreach ins na tóighthe, bíonn fhios againn gur droch aimsear atá ag teacht. Fósta nuair a tchídheann tú na h-éanacha ag éiteall go h-íseal agus iad ag gabhail ins an fháirrge sin comartha go bfuil droch aimsear ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Ghallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall