Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 171
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Daoine Cáileamhla.Bhí daoine iongantach láidir in Éirinn i bhfad o shoin. Bhí cuid acu agus bhí siad ábalta dha chlóch a bheadh céad meadhchain de meadhcain ionnta ariamh. Bhí cuid eile agus rachadh siad amach a snámh in fhárraige gharbh ar bíth. Bhí fear i mbáile an t-Shléibhe darbh’ ainm Brian Mac Giolla Bhríghde agus lá amháin d’fhág sé a theach agus shiubhail sé go Doire agus arais i dha lá. Tá Seamus O Gallchobair as Doire an Chasáin Na Dúnaibh, Tír Chonaill iongantach maith ag damhsa agus ag ceól. Tá fear eile thíos in nDumhaigh darbh’ ainm Seán Ó Siadhail, agus ta sé iongantach maith ag seoltóireacht. Bhí fear eile darbh’ ainm, Seán Ó Dochartaigh, Carraic, Carraic Áirt Tir Chonaill. Bhí iongantach maith ag spealadóireacht. Ghéarr sé síos cuibhreinn in a rabh ceithre acraí ann i lá amháin. Bhí dearbhrathair aige darbh ainm, Éamonn Ó Dochartaigh, Carraic, Carraic Áirt Tír Chonaill. Bhí sé a gcomhnuidhe tugtha de dhamhsadh agus de cheol, agus dhamhsaigh sé an oiread sin go(leanann ar an chéad leathanach eile)