Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 181
- XML “An Doineann”
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- An Doineann
Ar an 28 adh la Eanair 1907 tháinig storm mór agus briseadh dhá bhád déag. An mháidín sin bhí an fháirrge iongantach mór agus bhí na tonntracha ag briseadh isteach in éadán na gcarraic. Níor cailleadh aon duine a bhí ortha. Chuaidh cuid aca isteach ar an Tráigh Moír, cuid eile acu ar an Tráigh bhig, agus chuaidh cuid eile aca sios ins an Bhaidhe. Briseadh na badaí uilig acht níor cailleadh aon duine. Ar an 9adh lá de Fheabhra 1876 cailleadh ceithre curraigh agus ocht gcloigne. Nuair a chuaidh siad amach ar maidín bhí an fhairrge comh ciúin le clár acht nuair a bhí siad amuigh tamaill d'éirigh an doineann agus thoisigh na tonntracha ag bualadh isteach in éadan na gcarraiceach. Ins an Gheimhreadh 1903 tháinig storm mhór de thoirneach agus mharbhuigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)